Ráitis ón Uachtarán Ó hUigínn ar an bhForbairt Inbhuanaithe
Foilsithe: hAo 25th Meá, 2020 | 16:51
Tá an ‘Clár 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, a cuireadh i bhfeidhm i mballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015, mar aon leis na 17 Sprioc um Fhorbairt Inbhuanaithe (SDGs) atá ag croílár an ghnímh seo, cruthaithe anois mar théama lárnach in obair Uachtarán Uí Uigínn.
Thagair an tUachtarán do na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe mar threoir dúinn uile ar an tsíocháin agus an rath. Tharraing sé ard faoi leith ar thábhacht na hoibre seo ó thaobh díospóireacht a chur chun cinn agus múnlaí nua don fhorbairt mar duine a chruthú, múnlaí atá bunaithe ar eitic, smaointeoireacht chriticiúil agus a tharraingíonn ar chearta agus dínit daonna.
“Spreagann na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe muid le ‘dianmhachnamh’ a dhéanamh, agus le díriú ní hamháin ar riachtanais na ndaoine atá ina gcónaí ar an bpláinéad seo faoi láthair, ach orthu siúd atá le teacht”.
Teachtaireacht ón Uachtarán Ó hUigínn ar chomóradh trí bliana na Spriocanna Domhanda, 26 Meán Fómhair 2018.
I measc cuid d’imeachtaí agus óráidí tábhachtacha an Uachtaráin sa chomhthéacs seo tá:
- Osclaíonn an tUachtarán an searmanas na nGradam Comhshaolaí Óg (2021)
- Seolann an tUachtarán comhpháirtíocht nua idir Mainistir na Coille Móire agus Áras an Uachtaráin (2021)
- Tugann an tUachtarán aitheantas don Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht (2021)
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Seimineár maidir le cúnamh do Mhná, - i ndáil le Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan (2020)
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil de chuid Fórsa maidir le dúshláin san ionad oibre le linn amscála Covid-19 (2020)
- Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta (2020)
- Tugann an tUachtarán príomh-aitheasc ag Cruinniú Fíorúil den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le cur chuige nua i leith na dúshláin eacnamaíochta (2020)
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh Bhuanionadaithe na Náisiúin Aontaithe atá lonnaithe in Nua-Eabhrach (2019)
- Seimineár ar scáth an Uachtaráin, dar teideal “Athmhacnamh ar ról an Stáit maidir le Geilleagar atá Cuimsitheach agus Inbhuanaithe a chothú” (2019)
- Cóisir sa Gháirdín um Pobail Inbhuanaithe ar scáth an Uachtaráin (2018)
- Glacann an tUachtarán páirt i Searmanas Cuimneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir (2018)
- Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2018)
- President attends the World Humanitarian Summit (2016)
- President gives the opening address at the 2016 Irish Summit on the Sustainable Development Goals (2016)
- Tugann an tUachtarán Eocharaitheasc ag Ollscoil Washington, Seattle (2015)
- An Cruinniú Mullaigh Daonnúil á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán (2015)