Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis teachtaireacht speisialta a thaifeadadh chun Lá na Náisiún Aontaithe chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú a chomóradh.
Tá an 17 Deireadh Fómhair ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Lá Idirnáisiúnta chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú, mar lá chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí agus do streachailt na ndaoine atá beo bocht agus chun deis a thabhairt dóibh a n-ábhair bhuartha a chur chun tosaigh.
Ina theachtaireacht, déanann an tUachtarán Ó hUigínn machnamh ar thionchar phaindéim dhomhanda Covid-19 ar na pobail is boichte ar domhan, agus éilíonn sé comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr “chun na daoine leochaileacha a chosaint agus iad siúd is mó atá ar an ngannchuid a chumasú.”
Imeachtaí gaolmhara:
- Tugann an tUachtarán príomh-aitheasc ag Cruinniú Fíorúil den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le cur chuige nua i leith na dúshláin eacnamaíochta (2020)
- Seimineár ar scáth an Uachtaráin, dar teideal “Athmhacnamh ar ról an Stáit maidir le Geilleagar atá Cuimsitheach agus Inbhuanaithe a chothú” (2019)
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2019)
- Tugann An tUachtarán aitheasc ag ócáid aitheantais don Lá Idirnáisiúnta um Dhíthú na Bochtaineachta (2016)
- Aitheasc tosaigh ón Uachtarán ag Cruinniú Mullaigh na hÉireann 2016, um Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (2016)
- Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin chun aitheantas a thabhairt do dhaoine aonair agus… (2016)