Tá teachtaireacht speisialta taifeadta ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcomhair oíche bhronnta gradam fhíorúil Acadamh Scannánaíochta agus Teilifíse na hEireann.
Mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, sna 1990idí, rinne an tUachtarán Ó hUigínn maoirsiú ar athmhaoiniú Bhord Scannán na hÉireann agus ar bhunú TG4.
Ina theachtaireacht don searmanas bronnta, rinne an tUachtarán machnamh ar an dul chun cinn atá déanta ag tionscal scannánaíochta na hÉireann ó shin i leith, agus mhol sé “cruthaitheacht agus seiftiúlacht na ndaoine sin atá ag obair sa tionscal”. Dúirt an tUachtarán go bhfuil an earnáil “ag leanúint le hardán a sholáthar i gcomhair forbairt shamhlaíoch, inspioráideach, chruthaitheach agus mhisniúil ó thaobh na healaíne de, agus i gcomhair an chomhoibrithe ar feadh an tionscail go léir.”
Imeachtaí gaolmhara::
- Oíche Chultúir 2020 (2020)
- Bronann an tUachtarán Gradam IFTA ar Martin Scorsese (2017)
- An tUachtarán i lathair ag bronnadh Gradam um Scannán agus um Dhrámaíocht, agus bronann sé an… (2016)
- Glacann an tUachtarán le Mór-Ghradam as a chion fir i ndáil le Gradaim Teilifíse agus Scannán (2014)
- An tSamhlaíocht agus An Náisiún