D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn searmanas na nGradam Comhshaolaí Óg, arna eagrú ag ECO-UNESCO.
Gradaim uile-Éireann is ea na Gradaim Comhshaolaí Óg (YEA) a thugann aitheantas do, agus a bhronnann duaiseanna ar, dhaoine óga a tharraingíonn aird ar an bhfeasacht comhshaoil agus a fheabhsaíonn an timpeallacht.
Patrún de ECO-UNESCO is ea an tUachtarán Ó hUigínn agus tá saincheist chosaint an chomhshaoil agus an comhrac in aghaidh athrú aeráide mar théamaí lárnacha a Uachtaránachta.
Is féidir tuilleadh a fháil ar thuairimí an Uachtaráin Uí Uigínn ar athrú aeráide anseo.