Aird á tarraingt ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an ngá atá le gníomhú ar Athrú Aeráide
Foilsithe: hAo 6th Már, 2020 | 11:28
“Iarrann prionsabail an cheartais aeráide ar ghlúin na linne seo, a bhfuil eolas aici ar thionchair thromchúiseacha athrú aeráide ar ghlúnta na todhchaí, gan leas na nglúnta seo atá le teacht a shárú agus fulaingt neamhriachtanach a chur orthu. Ar an gcaoi chéanna a bhfuil muid i bhfiacha iadsan a raibh ina n-íospartaigh ag an seandúshaothrú, táimid faoi chomaoin acu siúd a bhféadfadh a bheith ina n-íospartaigh amach anseo ag ár ngníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí anois”
- An tUachtarán Uí hUigínn, Deireadh Fómhair 2015
Le fada an lá, tá an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn go mór ar son gníomhú práinneach le dul i ngleic leis an athrú aeráide, a rá gurb é an “ghéarchéim eiseach is práinní atá romhainn mar phobal domhanda”.
Ina gcuid cruinnithe le ceannairí domhanda, agus ina gcuid óráidí poiblí, áitíonn an tUachtarán go bhfuil freagracht mhorálta ar gach Stát, agus ar gach saoránach, cinntiú a dhéanamh de go n-aistreofaí go sochaí ísealcharbóin. Ní hamháin go mbeidh gá le hathruithe ar bhonn pearsanta agus teaghlaigh sa phróiseas aistrithe seo, ach go mbeidh bundifríochtaí le déanamh freisin ar an gcaoi a n-eagraítear ár sochaí. Dá bharr, tá an tUachtarán ag éileamh athrú paraidíme i bpolasaithe eacnamaíocha, a chuireann ‘raidiciúlacht’ athrú aeráide san áireamh, mar aon le cúiseanna imní maidir leis an ngeilleagar, an éiceolaíocht agus an tsochaí.
Related events:
- Tugann an tUachtarán spreagaitheasc ag Comhdháil Inealtóirí na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide, 2020
- Tugann an tUachtarán príomh-aitheasc ag Cruinniú Fíorúil den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le cur chuige nua i leith na dúshláin eacnamaíochta, 2020
- Seimineár ar scáth an Uachtaráin, dar teideal “Athmhacnamh ar ról an Stáit maidir le Geilleagar atá Cuimsitheach agus Inbhuanaithe a chothú” 2019
- Tugann an tUachtarán Aitheasc ag Comhdháil Chorcaí maidir, 2019
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, 2019
- Tugann an tUachtarán spreagaitheasc in Ollscoil Fordham, 2019
- Spreagaitheasc á thabhairt ag an Uachtarán in Ollscoil Leipzig, 2019
- Tugann an tUachtarán Aitheasc i dTeach na nIonadaithe sa Chipir, 2019
- Statement on Climate Change to the Climate Vulnerable Forum, 2018
- Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh ráiteas Rúnaí Ginearálta na NA maidir le Gníomhú ar son na hAeráide., 2018
- Comhdháil Bhliantúil ag Ceartas Sóisialta Éireann arna hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán, 2017
- Aitheasc ón Uachtarán ag Oscailt Oifigiúil dá gComhdháil débhliantúil ag Comhdháíl na gCeardchumann, 2017
- Speech at the TASC Annual Conference “Achieving Sustainable Development: Of Principles and Some Obstacles”, 2016
- “Re-Defining Development, Taking Responsibility for Climate Change, 2015
- “Recovering Possibilities – Discovering the Rich Promise of a Moral Foundation to Economy & Society, 2015
- ‘The Power of Ideas for Climate – Making a New Beginning’, 2015
- 'Towards and Ethical Economy', 2013