![Cóisir sa Gháirdín um Pobail Inbhuanaithe ar scáth an Uachtaráin](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_ARAS_SUSTAINABLE_COM_GARDEN_PARTY_MX-1_720_480.jpg)
D’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Cóisir Gairdín chun aird a tharraingt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an iliomad duine a chuidíonn le saol a bpobal in Éirinn.
Ina chuid óráidí, ba mhinic don Uachtarán aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le sochaithe atá eiticiúil agus cuimsitheach, bunaithe ar phobail eiticiúla, a chruthú – pobail a oibríonn i gcomhar agus a aithníonn riachtanais a gcuid ball go léir, iad sin atá leochaileach agus imeallaithe ina measc.