An Cruinniú Mullaigh Daonnúil á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Déa 2nd Iúi, 2015 | 09:30
suíomh: Halla Uí Raghallaigh, Ollscoil na hÉireann
An Cruinniú Mullaigh Daonnúil á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Cruinniú Mullaigh Daonchabhrach na hÉireann, an chéad cheann riamh in Éirinn, ar an 2 Iúil 2015.


Tháinig páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil baint acu le gníomhú daonchabhrach le chéile le linn an imeachta chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ar an líon eachtraí éigeandála casta atá ag méadú ar fud an domhain.


Labhair an tUachtarán ar an éileamh ar thacaíocht dhaonnúil atá ag méadú ar fud an domhain, agus suas le 125 milliún duine a bhfuil cabhair phráinneach de dhíth orthu. D’impigh sé go dtabharfaí aird níos mó ar dhínit agus ar chearta na ndaoine agus na bpobal a bhfuil géarchéimeanna daonnúla ag cur isteach orthu. 


Bhí ionchur ag na moltaí a d’éirigh as Cruinniú Mullaigh Daonchabhrach na hÉireann ina dhiaidh sin ina raibh á rá ag Éirinn sa Chruinniú Mullaigh Domhanda Daonchabhrach, a bhí ar siúl in Istanbul i mí na Bealtaine 2016.