![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Bhuanionadaithe na Náisiúin Aontaithe atá lonnaithe in Nua-Eabhrach](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_PRES_NEW_YORK_REP_UN_STATES_MX-13_720_554.jpg)
Rinne an tUachtarán Ó hUigínn óstáil ar fháiltiú i gcomhair Ionadaithe Buana bhallstáit na NA atá lonnaithe i Nua Eabhrac.
Bíonn na hIonadaithe Buana ina gceannairí ar mhisin taidhleoireachta bhallstáit na NA. Bíonn ionadaithe dá leithéidí ag Ballstáit i bpríomhoifigí na NA, ceannáras na NA i Nua Eabhrac san áireamh.
Tá an chéim chéanna taidhleoireachta ag Ionadaithe Buana agus atá ag Ambasadóir, ach go mbíonn siad creidiúnaithe i leith na hinstitiúide, ní i leith Cheann Stáit (cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh faoin tslí a ndéantar ambasadóirí eachtracha a chreidiúnú i leith Uachtarán na hÉireann).