Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil de chuid Fórsa maidir le dúshláin san ionad oibre le linn amscála Covid-19

Déa 19th Sam, 2020 | 10:00

Thursday, 19th November, 2020

Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil de chuid Fórsa maidir le dúshláin san ionad oibre le linn amscála Covid-19

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do chomhdháil bhliantúil an cheardchumainn Fórsa.

De bharr na srianta atá bainteach le Covid-19, beidh an chomhdháil, a mbíonn ionadaithe ó 250 craobh an cheardchumainn i láthair aici, ar siúl ar líne. Tá os cionn 80,000 ball i gceardchumann Fórsa i bPoblacht na hEireann, agus iad ina n-ionadaithe ag oibrithe san earnáil phoiblí, san earnáil leathstáit, in eagrais dheonacha agus i gcomhlachtaí príobháideacha.

Ina aitheasc, déanfaidh an tUachtarán machnamh ar thionchar phaindéim Covid-19 ar shaol na hoibre.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar thuairimí an Uachtaráin ar an gcoróinvíreas agus a thionchar, cliceáil anseo.

 

Thug an tUachtarán Ó hUiginn aitheasc, freisin, do chomhdháil tosaigh Fórsa i gCill Airne, i mí Bealtaine 2018. Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh anseo.