Mar atá déanta sna blianta roimhe seo, bhí an tUachtarán i gceannas ar Shearmanas Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir.
Bíonn an cuimhneachán náisiúnta ar siúl i ngach cúige d’Éirinn ar a sheal, agus bhí sé ar bun ag suíomhanna stairiúla amhail Reilig Ghlas Naíon agus Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848 i mBaile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann.
Labhair an tUachtarán Ó hUigínn, a bhfuil an comóradh eiticiúil ar eachtraí cinniúnacha ina bhunchloch dá Uachtaránacht, ar an nGorta Mór mar chor cinniúnach i stair na hÉireann, a mhúnlaigh ní hamháin ár stair ach ár gceangal leis an talamh, leis an imirce agus leis an bpolaitíocht.
Rinne an tUachtarán ceangal, freisin, idir taithí léanmhar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir agus ár dtroid in aghaidh an ocrais, na bochtaineachta agus na himirce éigeantaí sa lá atá inniu ann.
Rinne an tUachtarán comparáid idir an Gorta Mór agus coimhlintí reatha, ag rá nach bhfuil “grúpa ar bith a mbeadh tuiscint níos fearr aige ar thionchar an téarma ‘díshealbhú’ ná muintir na hÉireann agus a gcairde sna Stáit Aontaithe, nó áit ar bith eile, atá eolach ar thaithí na nÉireannach. Tá tuiscint domhain ag na hÉireannaigh ar na heachtraí tromchúiseacha atá ag titim amach in áiteanna eile, agus mise anseo ag caint mar shampla, sa Mheánoirthear”.
I measc phríomhóráidí an Uachtaráin ar an nGorta Mór tá:
- Taispeántas dar teideal, “Coming Home: Art and the Great Hunger “á oscailt ag an Uachtarán (2018)
- Glacann an tUachtarán páirt i Searmanas Cuimneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir (2018)
- Caint ón Uachtarán agus an dealbh “Footsteps” á nochtadh (2017)
- Tugann an tUachtarán Spreagaitheasc (2017)
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh ionadaithe ón Náisiúin Choctaw (2017)
- Tugann An tUachtarán aitheasc ag ócáid aitheantais don Lá Idirnáisiúnta um Dhíthú na Bochtaineachta (2016)
- An tUachtarán i láthair ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir (2016)
- Seimineár ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, maidir le ”Beathú na Cruinne in 2050” (2013)
- Remarks at Hunger-Nutrition-Climate Justice Conference (2013)
- Remarks at the Famine Museum (2013)
- 'Reflecting on the Gorta Mór' (2012)
Imeachtaí gaolmhara:
- Seolann an tUachtarán an Tionscadal um Scoileanna Lumper 2019, i ndáil le CCIFV (2019)
- Dealbh le John Behan á nochtadh ag an Uachtarán (2019)
- Taispeántas de chuid na hÉireann agus na Polainne maidir leis an nGorta Mór á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán (2019)
- Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Mhúsaem an Ghorta Mhóir, i dTeach Bhéal na mBuillí (2018)
- Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag Leacht Cuimhneacháin na hAstráile ar Ghorta Mór na hÉireann (2017)
- Tugann An tUachtarán aitheasc ag ócáid aitheantais don Lá Idirnáisiúnta um Dhíthú na Bochtaineachta (2016)