Tugann an tUachtarán Spreagaitheasc

Déa 12th Dei, 2017 | 17:50
suíomh: Ollscoil Mhelbourne, An Astráil
Tugann an tUachtarán Spreagaitheasc

Thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc in Ollscoil Melbourne, dar teideal "The Economic Debate - The Australian/Irish Dimensions."

Ina aitheasc, thug an tUachtarán breac-chuntas ar stair theoiric na heacnamaíochta agus na smaointeoireachta acadúla, agus chuir sé argóint chun cinn ar son tosca morálta agus eiticiúla a thabhairt ar ais i gcinnteoireacht na heacnamaíochta, agus ar son athdhearbhú leas an phobail mar luach tábhachtach, chun cur in aghaidh thionchar mheon an leithleachais agus iomaíocht an mhargaidh fhoirfe, a nglactar leo gan smaoineamh, agus atá mar bhonn agus mar thaca ag cuid mhaith den dioscúrsa comhaimseartha ar an eacnamaíocht.

Thug an tUachtarán rabhadh freisin faoi na héifeachtaí a bhíonn ag briseadh an chomhtháthaithe shóisialta “de réir mar a bhíonn ár sochaí á roinnt eatarthu siúd a dtugtar ‘an dream ádhúil’ agus ‘an dream tréigthe’ orthu, agus rinne sé argóint ar son béim níos mó a chur ar  “an inniúlacht san airgeadas agus san eacnamaíocht” i gcúrsaí oideachais, agus dúirt sé go raibh sé sin chomh tábhachtach don chomhtháthú, don tsaoránacht agus don daonlathas agus a bhí an oll-litearthacht sna haoiseanna atá caite don chead vótála do chách, don daonlathas parlaiminte agus do fhlaitheas na ndaoine.”