Agus Siompóisiam Beartais Uachtaránachta de chuid an AE dar teideal ‘Feeding the World in 2050’ , a mhairfidh dhá lá i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, á oscailt aige, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go bhfuil an t-ocras seasta “ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an bpobal domhanda”.
Ina aitheasc, luaigh an tUachtarán gurb é “ an bhochtaineacht ainnis, atá méadaithe ag an éagothroime ollmhór, a mhaireann fós go scannalach, an phríomchúis leis an ocras”. Chuir sé béim ar an dúshlán morálta agus eiticiúil is mó atá roimh an bpobal domhanda inniu, “an bhochtaineacht sin agus a hiarmhairtí a scrios.”
Tá aitheasc an Uachtaráin ar fáil anseo.