Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag Leacht Cuimhneacháin na hAstráile ar Ghorta Mór na hÉireann

Céa 18th Dei, 2017 | 09:30
suíomh: Sydney, An Astráil
Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag Leacht Cuimhneacháin na hAstráile ar Ghorta Mór na hÉireann

Leag an tUachtarán bláthfhleasc ag leacht cuimhneacháin na hAstráile ar an nGorta Mór.

Déanann an leacht cuimhneacháin ar an nGorta Mór comóradh ar na mná óga a tháinig ó thithe na mbocht in Éirinn go dtí an Astráil idir 1848 agus 1850 trí scéim eisimirce speisialta.

Ba é teacht i dtír 4,000 bean óg shingil san Astráil, ar dhéagóirí an chuid ba mhó díobh, a spreag tógáil an leachta.  Tháinig siad faoi scéim eisimirce speisialta a ceapadh chun cailíní beo bochta a bhí i dtithe na mbocht in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir a athlonnú.

Seasann an 420 ainm atá greannta i bpainéil ghloine an leachta chuimhneacháin don 4114 eisimirceach uile ó thithe na mbocht. 

“Sainítear sinn mar phobal trína mbíonn á chomóradh againn”.