Cuimhneamh Eiticiúil
Foilsithe: Céa 18th Sam, 2020 | 12:10
"Bíonn gach sochaí a thagann amach as coinbhleacht i ngleic le hoidhreacht na staire agus conas aghaidh a thabhairt uirthi. Ní mór dóibh a chur san áireamh, ní hamháin a bhfuil tugtha chun cuimhne go comhfhiosach trí ghníomh cuimhne an duine aonair, ach a bhfuil á sheachadadh ar aghaidh, go minic trí leaganacha den stair a nglactar leo go neamhchriticiúil agus a bhfuil stádas an chultúir á mhaíomh go minic acu. Tá impleacht dhosheachanta na heitice ag baint le cad a chuimhneofar air agus conas cuimhneamh air. Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí an gaol casta idir an cuimhneamh, an eitic agus an maithiúnas in aon chur chuige chun deileáil leis an am atá caite."
- an tUachtarán Ó hUigínn, 27 Meitheamh 2015
Idir 2012 agus 2023, beidh "Deich mBliana an Chomórtha Céad Bliain" á chomóradh ag Éirinn, agus tarraingeofar aird ar chothrom céad bliain cuid de na heachtraí ba thábhachtaí i stair na hÉireann, amhail Frithdhúnadh Mór 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918, tionól na Chéad Dála, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad.
Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun tosaigh sa chomóradh agus rinne sé freastal ar roinnt mhaith imeachtaí ceiliúrtha an Stáit agus mhúnlaigh sé iarrachtaí náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh ar chúlra, tionchar agus ábharthacht chomhaimseartha na n-imeachtaí a bhí á gcomóradh.
Ina chuid oibre, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an ngá le tabhairt faoi thasc an 'chuimhnimh eiticiúil' - an tábhacht leis na glórtha sin a bhí imeallaithe, ar baineadh a gcearta díobh nó ar fágadh ar lár iad, go ró-mhinic, san am a caitheadh - agus le meon 'na hinsinte fáiltí' a ghlacadh - a bheith toilteanach a bheith oscailte do léargais, insint, cuimhnimh agus pianta an strainséara.
Tá cur chuige an Uachtaráin i leith an chomórtha céad bliain léirithe ar an tslí is fearr sna príomhaithisc a thug sé le linn na tréimhse. D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta rogha na n-óráidí a bhain le 1916 sa bhliain 2018 (ar fáil ar líne anseo).
Sa bhliain 2020, sheol an an tUachtarán Ó hUigínn an chéad chéim eile de chlár náisiúnta an chomórtha, tri shraith seimineár a óstáil agus cuireadh á thabhairt chun machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha, Cogadh na gCarad agus an Chríochdheighilt.
Coincheap ársa sa Ghaeilge an focal 'machnamh' a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh, agus “Machnamh 100” an teideal a bheidh ar an tsraith. Tabharfar scoláirí ceannródaíocha ó chúlraí éagsúla agus le raon léargas acu le chéile chun a gcuid tuisceana agus machnaimh ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí sa tréimhse mhúnlaitheach sin céad bliain ó shin agus ar chineál an chomórtha féin a roinnt .
Príomh-óráidí
- Machnamh 100 - ‘Of Land, Social Class, Gender and the Sources of Violence’, May 2021
- Speech at the National Famine Commemoration, May 2021
- “Of Heritage, Home and Healing” Keynote Address by President Michael D. Higgins, June 2021
- Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin, d’fhonn Dáil 100 a chomóradh, Meitheamh 2019
- Spreagaitheasc ón Uachtarán agus clabhsúr á chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath, 2018, Deireadh Fómhair2018
- Tugann an tUachtarán Léacht Bhliantúil Harri Holkeri, 2018, Bealtaine 2018
- Dearcán na nDaoine á nochtadh go hoifigiúil ag an Uachtarán agus Sabina, Nollaig 2017
- Speech at a State Ceremony to award 1916 Centenary Commemorative Medals to the Defence Forces, Nollaig 2016
- Cuairt an Uachtaráin ar Leabharlann Halla an Línéadaigh, Deireadh Fómhair 2016
- Speech at the Launch of the ‘Digitised Versions of the 1916 Leaders’ Courts Martial’, Meán Fómhair 2016
- ‘Remembering Michael Collins in 2016’ – Oration at Béal na Blá commemoration, Lúnasa 2016
- Speech at a State Ceremonial Event in Honour of Patrick Pearse and the Irish Language, Iúil 2016
- Address at the Living Well Together Beyond 2016 conference, Meitheamh 2016
- Speech at the Westport 1916 Centenary Commemorations, Bealtaine 2016
- Speech at the official State Commemoration in honour of Roger Casement, Aibreán 2016
- Speech at the Official Opening of the New Building of the Military Archives, Aibreán 2016
- Speech at a reception to mark the 102nd anniversary of the Irish Citizen Army, March 2016
- An tUachtarán i láthair ag ócáid dar teideal “Reflecting the Rising” , March 2016
- Speech at a ceremony in celebration of James Connolly and the Irish Citizen Army, Márta 2016
- Speech at an Event to Commemorate the Role of Women in the 1916 Easter Rising, Márta 2016
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag bronnadh Cnuasaigh de Stair Bhéil Éirí Amach 1916 don…, Eanáir 2016
- Aitheasc tosaigh ón Uachtarán ag ócáid i dtaca le “1916 and the Ethics of Memory”, Meitheamh 2015
- ‘Handbook of the Irish Revival – An Abundance of Riches and some Lessons for our own times’, Meitheamh 2015
- Speech at the Dedication of the Cross of Sacrifice, Iúil 2014
- “Of Myth-Making and Ethical Remembering”, Eanáir 2014
- Remarks at the “Crucial 100: one hundred books which inspired a revolution”, Bealtaine 2013
- “Remembering & Imagining Irishness” - Third Thomas Flanagan Lecture, Bealtaine 2012
Doiciméid ghaolmhara