Spreagaitheasc ón Uachtarán agus clabhsúr á chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath, 2018

Dom 7th Dei, 2018 | 19:00
suíomh: An Clólann - Ionad Comhdhála Chaisleán Bhaile Átha Cliath
Spreagaitheasc ón Uachtarán agus clabhsúr á chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath, 2018

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc speisialta chun clabhsúr a chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath.

 

 

I mí an Mheithimh, rinneadh comóradh in Éirinn ar thabhairt cead vótála do mhná 100 bliain ó shin. Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar an gcéad bliain ar roinnt ócáidí éagsúla; ina measc cuireadh fáilte ar siúl le haghaidh mná spóirt (ar Lá Idirnáisiúnta na mBan), cóisir gairdín in ómós don ghluaiseacht chun cead vótála a thabhairt do mhná (ar an 27 Meitheamh), agus nochtadh leac chuimhneacháin in ómós don ghníomhaí ar son chearta na mban, Hanna Sheehy Skeffington (i mí an Mheithimh). Chomh maith leis sin, i mí Feabhra na bliana seo, thug an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí i nGairdíní Christchurch i Londain