![An tUachtarán ar cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_ARAS_PANKHURT_STATUE_MX-8_720_1108.jpg)
Thug an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí i nGairdíní Christchurch Londan.
Déanann an dealbh chré-umha comóradh ar na mná a throid ar son ceart vótála do mhná.
Tá sé céad bliain, i mbliana, ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála agus an ceart le seasamh i dtoghcháin. Tar éis na scórtha bliain i mbun feachtais, fuair roinnt ban sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn – iad siúd a bhí os cionn 30 bliain d’aois a raibh réadmhaoin acu nó a bhí ina gcéimithe ollscoile - cead vótála in 1918, nuair a ritheadh an Representation of People Act.