Thug an tUachtarán cuairt inniu ar uaigh Eva Gore-Booth.
I mí Dheireadh Fómhair 2016, thug an tUachtarán príomhaitheasc ar shaol agus ar shaothar Eva Gore-Booth, agus thug sé chun cuimhne a cion suntasach i dtaca leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, rud a ligtear i ndearmad go minic. Luaigh sé freisin an obair a rinne sí, i dteannta Esther Roper, ar son chearta na coda sin den tsochaí sa Bhreatain nach raibh ceart vótála acu agus a bhí gan chumhacht.