An tUachtarán i láthair ag Searmanas Cuimhneacháin Bliantúil 1916 ar Chnoc an Arbhair

Céa 5th Bea, 2021 | 12:30
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 05th May, 2021

An tUachtarán i láthair ag Searmanas Cuimhneacháin Bliantúil 1916 ar Chnoc an Arbhair

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina cheann feadhna ar an searmanas ómóis do cheannairí Éirí Amach 1916.

Bíonn searmanas comórtha Stáit ar siúl gach bliain ag Séipéal an Chroí Ró-Naofa, Cnoc an Arbhair, an áit ar adhlacadh seachtar sínitheoirí Fhorógra na Poblachta agus ceannairí eile Éirí Amach na Cásca a cuireadh chun báis.

I mbliana, bhí an searmanas ar siúl in dhá láthair, agus cuid shuntasach den searmanas ar siúl in Áras an Uachtaráin.

Leag an tUachtarán Ó hUigínn fleasc in onóir na ndaoine a fuair bás in Éirí Amach na Cásca 1916, agus bhí nóiméad ciúnais ann.

In 2016, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann sraith imeachtaí comórtha i dtace le hÉirí Amach 1916. D’fhoilsigh an Rialtas rogha óráidí an Uachtaráin a thug sé le linn na bliana comórtha. Tá 35 óráid de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn in ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 – 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’. Tugadh iad ar fud na hÉireann thar thréimhse 2 bhliain, agus cuimsíonn siad imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon le linn 2016, príomhbhliain an chomórtha céad bliain.

Tá an leabhar ar fáil ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, agus le híoslódáil ar líne (saor in aisce).