Nuacht

Suirbhé bithéagsúlachta chun slite a aithint leis an mbeathra ainmhí agus planda ar thailte Áras an Uachtaráin a chosaint tionscanta ag an Uachtarán Ó hUigínn

Suirbhé bithéagsúlachta chun slite a aithint leis an mbeathra ainmhí agus planda ar thailte Áras an Uachtaráin a chosaint tionscanta ag an Uachtarán Ó hUigínn

Foilsithe: Sat 1st Fea, 2020 | 16:31

Tá iarrtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar fhoireann saineolaithe pleananna a fhorbairt chun plandaí agus fiadhúlra thar timpeall ar Áras an Uachtaráin a chosaint.

I mí na Samhna 2019, d’iarr an tUachtarán ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), ar léi Páirc an Fhionnuisce agus a dhéanann í a bhainistiú, iniúchadh bliana a choimisiúnú ar an mbithéagsúlacht sa limistéar 52.6 heicteár (130 acra) timpeall ar Áras an Uachtaráin, lena n-áirítear gairdíní foirmiúla agus gairdíní cistine orgánacha deimhnithe, tailte féaraigh, coillearnacha agus loch.

Déanfaidh an fhoireann eolaithe éagsúlacht gnáthóg agus speiceas araon ar an limistéar 130 acra a mheas go cainníochtúil; limistéar ina bhfuil idir ghairdíní foirmiúla agus ghairdíní cistine orgánacha deimhnithe, tailte féaraigh, coillearnacha agus loch.  

Tá suim ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcosaint na bithéagsúlachta le roinnt mhaith blianta, agus ba é an t-ábhar sin a thug go dtí Cruinniú Mullaigh an Domhain i Rio de Janeiro é in 1992.

Ag labhairt dó ag an gcéad Chomdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta  i dtús na bliana 2019, dúirt sé go bhfuil “dúshláin ollmhóra” romhainn maidir le bagairtí ar an gcomhshaol nádúrtha agus go mbeidh gá dúinn go léir a bheith inár gceannairí laistigh dár réimsí tionchair féin chun caillteanas na bithéagsúlachta a chur ar a mhalairt de threocht.  

 

Tá Deimhniúchán Orgánach bainte amach ag gairdín cistine Áras an Uachtaráin den deichiú huair as a chéile

Tá Deimhniúchán Orgánach bainte amach ag gairdín cistine Áras an Uachtaráin den deichiú huair as a chéile.

Soláthraíonn an Gairdín Cistine, a ndéantar bainistiú air ar bhealach inbhuanaithe, torthaí orgánacha, glasraí agus bláthanna, a n-úsáidtear le miasa agus maisiúcháin a ullmhú d’Áras an Uachtaráin.

Anuas ar na glasraí, tá a úllord féin ag Áras an Uachtaráin, a bhfuil úlla, piorraí, plumaí agus súnna talún ag fás ann, agus a feidhmíonn freisin mar bhaile do sicíní agus líon coirceog.

Cuireann na coirceoga áit chónaithe ar fáil do bheacha dubha dúchasacha (Apis Mellifera mellifera) atá faoi chúram ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), le cúnamh ó Chónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann.

 

Tá duais idirnáisiúnta buaite ag mil na mbeach as a caighdeán agus úsáidtear í ag ócáidí Stáit.

Acmhainní: