Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Áras an Uachtaráin le tabhairt faoi staidéar bithéagsúlachta

Dáta: Dom 10th Sam, 2019 | 10:49

Tá iarrtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Oifig na nOibreacha Poiblí, a dhéanann Páirc an Fhionnuisce a bhainistiú, foireann éiceolaithe a choimisiniú chun “iniúchadh bithéagsúlachta” mionsonraithe a dhéanamh ar Áras an Uachtaráin agus a chuid tailte ar feadh bliana, agus moltaí a dhéanamh maidir le bearta dearfacha i gcomhair na bithéagsúlachta i mbainistiú an árais agus a thailte amach anseo.

San 12 mhí atá le teacht déanfaidh an fhoireann méid na heágsúlachta gnáthóg agus speiceas a thomhas ar an suíomh 130 acra – achar ina bhfuil gairdíní foirmiúla agus gairdíní cistine araon, tailte féaraigh, achair faoi choillearnach agus loch.  

Tá foireann speisialtóirí  as Coláiste na Tríonóide roghnaithe ag an OOP, faoi stiúir an speisialtóra bithéagsúlachta, an tOllamh Jane Stout. I measc na foirne tá saineolaithe tacsanomaíochta, ina measc an Dr Ruth Kelly (plandaí); an Dr Paul Dowding (fungais); an Dr Stephanie Maher (feithidí); an Dr Aoibheann Gaughran (mamaigh); an tUasal Cian White (éin agus feithidí); agus an tUasal Collie Ennis (reiptílí agus amfaibiaigh).

Tá suim ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcosaint na bithéagsúlachta ar feadh na mblianta, agus ba é an cheist sin a thug go dtí Cruinniú Mullaigh Rio é in 1992.

Ag labhairt dó ag an gcéad Chomhhdháil Náisiúnta Bhithéagsúlachta go luath in 2019 dúirt sé go raibh “dúshláin throma” romhainn maidir le bagairtí ar ár dtimpeallacht nádúrtha agus go mbeidh dualgas orainn go léir a bheith inár gceannairí taobh istigh dár réimsí tionchair féin.