Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar An Lá Náisiúnta na Bithéagsúlachta

Dáta: hAo 22nd Bea, 2020 | 11:34

“Inniu, Lá Náisiúnta na Bithéagsúlachta, iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar ár gcaidreamh leis an dúlra, agus gealladh go gcuirfimid i bhfeidhm na gníomhartha praiticiúla atá riachtanach chun ár gcomhshaol leochaileach a chosaint.

Tá paindéim Covid-19, a bhfuil ár sochaithe buailte go dona leis, tar éis ár gceangal domhain le leochaileachtaí an dúlra a nochtadh. Cuireadh i gcuimhne dúinn, ar shlí phianmhar, an méid ceangail atá againn le héiceachórais fholláine agus fhuinniúla agus an spleáchas atá againn orthu i gcomhair ár sláinte, ár mbia, ár gcógais, ár bhfothain agus ár bhfuinneamh. 

Agus sinn ag cur tús le cothú dóchais do thodhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe tar éis na géarchéime reatha, tá sé tábhachtach go leanfaí leis an dlúthchomhar a bhí chomh riachtanach sin inár bhfreagairt ar phaindéim Covid-19; go n-aimseoimid bealaí chun ár mbeartais agus ár bpleananna a bhunú ar thábhacht an chomhoibrithe, ar gach leibhéal, a aithint. Tá sé sin rí-thábhachtach más linn todhchaí chomhionann, chuimsitheach agus rathúil a thógáil, as lámha a chéile leis an dúlra. 

Ba iad gníomhartha an duine a bhí ina mbonn leis an mbagairt ar ár marthanas agus atá freagrach as na dúshláin timpeallachta agus sláinte atá romhainn. Is iad gníomhaíocht an duine agus roghanna an duine is cúis le hathruithe antrapaigineacha san aeráid.   

Ar an tslí chéanna, is iad na roghanna a dhéanfaimid mar chine daonna  a chuirfidh ar ár gcumas iarracht a dhéanamh cuid den damáiste ar a laghad atá déanta a chealú, lena chinntiú nach leanfar le cleachtais dá leithéidí. Is ceist mhór cheartais idirghlúine atá ann slí a aimsiú chun aistriú a dhéanamh ó na conairí neamh-inbhuanaithe ar a bhfuilimid.

Bainimis leas as Lá na Bithéagsúlachta 2020 mar dheis le gealladh a dhéanamh na céimeanna práinneacha a ghlacadh leis an domhan a thabhairt ar chonair i dtreo na hinbhuanaitheachta.”