Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh thorthaí na tuarascála bithéagsúlachta

Dáta: Mái 17th Sam, 2020 | 15:23

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis fáilte a chur roimh thorthaí an staidéir bliana ar an éagsúlacht shaibhir plandaí agus ainmhithe i dtailte Áras an Uachtaráin.

Ag labhairt dó tar éis don tuarascáil a bheith bronnta air, dúirt an tUachtarán inniu:

" Tá Saidhbhín agus mé féin ar an eolas faoin éagsúlacht shaibhir sa timpeallacht nádúrtha thar timpeall ar Áras an Uachtaráin, agus mar gheall ar an imní a bhí orainn nach raibh aon chinnteacht go dtabharfaí cosaint di agus lena chinntiú go mbeadh rath uirthi san am atá le teacht, d’iarr mé ar Oifig na nOibreacha Poiblí bliain ó shin foireann éiceolaithe a choimisiúnú le hiniúchadh bithéagsúlachta mionsonraithe d'Áras an Uachtaráin agus a thailte a chur ar siúl. 

Cuireann an tuarascáil, a foilsíodh inniu, anailís eolaíochta shárluachmhar ar na gnáthóga éagsúla agus ar an éagsúlacht mhór speiceas, ar an láthair 130 acra thar timpeall ar theach Uachtarán na hÉireann, ar fáil.

Is cúis misnigh a fhoghlaim go maireann flúirse plandái agus fiadhúlra i dtailte Áras an Uachtaráin, agus 297 speiceas éagsúil de phlandaí, 247 speiceas inveirteabrach, 188 fungas agus 51 speiceas éagsúil éan ina measc.

Ag tráth ina bhfuil an domhan nádúrtha faoi bhagairt an-mhór, agus cuid mhór d'éiceachórais ár bpláinéid á scrios, á truailliú agus á creachadh, ní hamháin go dtugann tuarascáil an lae inniu léargas dúinn ar a bhfuil ann cheana, ach cuireann sé sraith moltaí ar fáil faoin gcaoi ar féidir le comhlachtaí stáit, amhail OOP, ionchur follasach agus ciallmhar a dhéanamh i sláinte ár ndúlra ach ionchur beag agus spriocdhírithe a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis na taighdeoirí, agus le OOP, a choimisiúnaigh an staidéar, as a léargais agus a moltaí a raibh fáilte rompu, agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun m'éileamh a dhéanamh orainn go léir ní hamháin tabhairt faoi réitigh phraiticiúla ach faoin athrú córasach atá de dhíth go práinneach más mian linn ár bpláinéad leochaileach a chosaint.

Tá gníomh ag teastáil anois, ní hamháin le sláinte plandaí agus ainmhithe a chosaint, ach leis an dúlra, nach féidir beatha an duine a bheith ann dhá uireasa, a chosaint chomh maith."