Nuacht

Thug an tUachtarán aitheantas do Choimeádaithe Síochána na hÉireann

Thug an tUachtarán aitheantas do Choimeádaithe Síochána na hÉireann

Foilsithe: Lua 25th Bea, 2020 | 11:36

Tá sé ráite ag an Uachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé bródúil gurb í Éire an t-aon náisiún a bhfuil coimeádaithe síochána go leanúnach aige in oibríochtaí tacaíochta síochána faoi shainordú na NA ó 1958 i leith.

In 2018, ina aitheasc do choimeádaithe síochána agus a muintir, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheantas don “ghairmiúlacht, don chrógacht agus don tiomantas don síocháin agus don daonnúlachas” atá i gcroílár chaidreamh choimeádaithe síochána na hÉireann. D’iarr sé go liostálfadh tuilleadh ban sna misin choimeádta síochána.

Níos luaithe sa bhliain sin, thug an tUachtarán aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na NA, agus dúirt gur “saothar ollmhór atá i gcruthú agus i gcothú na síochána, ach saothar nach mór dúinn a bhaint amach mar phobal náisiún.”

Nuair a thug an tUachtarán cuairt ar choimeádaithe síochána na hÉireann sa Liobáin, in 2015 agus arís in 2019, tharraing sé aird ar obair na gcoimeádaithe síochána Éireannacha ar fud an domhain agus dúirt go raibh oidhreacht bhródúil mhorálta ag Éirinn bunaithe ar a taithí ag coimeád na síochána.

I mí Iúil 2012, chuaigh an tUachtarán i gceannas ar shearmanas chun comóradh a dhéanamh ar na fir agus na mná a fuair bás le linn dóibh seirbhís a bheith á déanamh acu mar choimeádaithe síochána leis na Náisiún Aontaithe. (Sonraí anseo)

 

Imeachtaí bainteacha: