An tUachtarán i láthair ag Ócáid Stáit d’fonn Comóradh Cinn 60 a dhéanamh ar imscaradh Fórsa…

Dom 24th Mei, 2018 | 12:00
suíomh: Caisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Sunday, 24th June, 2018

An tUachtarán i láthair ag Ócáid Stáit d’fonn Comóradh Cinn 60 a dhéanamh ar imscaradh Fórsa…

...Coimeádta Síochána na hÉireann sna NA

 

Labhair an tUachtarán ag imeacht comórtha speisialta le hurraim a thabhairt do bhaill Óglaigh na hÉireann a rinne seirbhís mar choimeádaithe síochána.

Ba chuid de shraith gníomhaíochtaí an t-imeacht seo a bhí ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad rannpháirtíocht de chuid Óglaigh na hÉireann in oibríochtaí coimeádta síochána idirnáisiúnta 60 bliain ó shin.

Déanfaidh an t-imeacht baint Óglaigh na hÉireann leis an Liobáin le 40 bliain anuas a chomóradh. 

Fuair 86 ball d'Óglaigh na hÉireann, idir fhir agus mhná, chomh maith le Garda amháin, bás agus iad i mbun seirbhíse thar lear le misin na Náisiún Aontaithe.

 I mí Aibreáin 2015, thug an tUachtarán cuairt ar thrúpaí coimeádta síochána an 47ú Cathlán Coisithe, a bhí i mbun seirbhíse le UNIFIL mar chuid de chomhchathlán Fionlannach/Éireannach.