Gradam á bhronnadh ar Shaidhbhín Uí Uigínn mar “Tacadóir na Bliana leis an gCothú Cíche”

Dom 24th Mei, 2018 | 16:00
suíomh: Osprey, Nás
Gradam á bhronnadh ar Shaidhbhín Uí Uigínn mar “Tacadóir na Bliana leis an gCothú Cíche”

Ag searmanas in óstán Osprey sa Nás, tugadh gradam do Shaidhbhín Uí Uigínn mar “Tacadóir na Bliana leis an gCothú Cíche”, as a cuid oibre ag tacú leis an gcothú cíche i súil an phobail.


Mhínigh Caroline Higgins Byrne, ón eagraíocht 'Friends of Breastfeeding', gur tugadh an gradam do Shaidhbhín mar “gur eagraigh sí ócáid ‘laisteála’ bliantúil in Áras an Uachtaráin i gcomhair lucht deonach an chothaithe cíche agus grúpaí eagras carthanachta”.


Dúirt Saidhbhín Uí Uigínn:

“Mura ndéantar mná a chumasú ní mhairfidh an pláinéad ar bhun sóisialta, timpeallachta ná eacnamaíochta. Is cuid de ghluaiseacht ollmhór dhomhanda sibh atá á forbairt, gan dabht”.