...Coimeádta Síochána na hÉireann sna NA
Labhair an tUachtarán ag imeacht comórtha speisialta le hurraim a thabhairt do bhaill Óglaigh na hÉireann a rinne seirbhís mar choimeádaithe síochána.
Ba chuid de shraith gníomhaíochtaí an t-imeacht seo a bhí ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad rannpháirtíocht de chuid Óglaigh na hÉireann in oibríochtaí coimeádta síochána idirnáisiúnta 60 bliain ó shin.
Déanfaidh an t-imeacht baint Óglaigh na hÉireann leis an Liobáin le 40 bliain anuas a chomóradh.
Fuair 86 ball d'Óglaigh na hÉireann, idir fhir agus mhná, chomh maith le Garda amháin, bás agus iad i mbun seirbhíse thar lear le misin na Náisiún Aontaithe.
I mí Aibreáin 2015, thug an tUachtarán cuairt ar thrúpaí coimeádta síochána an 47ú Cathlán Coisithe, a bhí i mbun seirbhíse le UNIFIL mar chuid de chomhchathlán Fionlannach/Éireannach.