Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn i ndiaidh a chruinnithe le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres.

Dáta: Déa 26th Aib, 2018 | 11:00

Tar éis a rannpháirtíochta sa Chruinniú Ardleibhéil faoi Chothú agus Choimeád na Síochána, ar an dara lá dá chuairt chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac, bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le hArd-Rúnaí an NA.  

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comhghairdeas leis an Ard-Rúnaí as a chuid oibre go dtí seo, go háirithe tuarascáil an Ard-Rúnaí  "Cothú agus Coimeád na Síochána", a éilíonn níos mó gníomhartha ón bpobal idirnáisiúnta maidir leis an tsíocháin agus leis an gcoimhlint.

Ina chuid cainte, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go gcomórann an tuarascáil, atá bunaithe ar rúin ó Chomhthionól agus ó Chomhairle Slándála an NA, forbairt thábhachtach agus í ag díriú ar choimhlint fhoréigneach a sheachaint, seachas a bheith ag freagairt dá toradh.

Rinne an tUachtarán agus an tArd-Rúnaí plé ar an tuarascáil, ar bonn atá inti do chomhairliúchán leathan idir bhallstáit an NA. Rinne an tUachtarán comhghairdeas leis an Ard-Rúnaí maidir leis na tagairtí seasta agus sainiúla do chúrsaí inscne, do thionchar na coimhlinte ar mhná chomh maith lena mbaint thábhachtach siúd le hiarrachtaí atógála, athmhuintearais agus eadrána.

Chuir an tUachtarán fáilte roimh an mbéim shuntasach ar athcheangal a dhéanamh leis an óige agus ar institiúidí éagsúla de chuid an NA i dtaca le gnéithe lárnacha na síochána, na forbartha agus na gceart daonna.

Luaigh an tUachtarán go bhfuil an tArd-Rúnaí tar éis béim a chur go seasmhach ar an ngá atá le comhoibriú dlúth idir an Chomhairle Slándála, Comhthionól an NA agus na ballstáit chun na gníomhartha riachtanacha chun an tsíocháin a chothú a chur i bhfeidhm.  

Agus é ag tagairt do Thuarascáil an Ard-Rúnaí, dúirt an tUachtarán go bhfuil béim, a bhfuil údar leis, curtha ar dhíriú ar an gcosc, ní hamháin mar cheist mhorálta ach mar bhealach suntasach le hairgead a shábháil, i gcomparáid le costas a bhaineann leis an tsíocháin a chothú agus freagairt dhaonnúil a thabhairt.  Rinne an tUachtarán tagairt dá chruinnithe roimhe seo leis an Uasal Guterres, an t-am a bhí an tUasal Guterres ina Ard-Choimisinéir den NA le haghaidh Dídeanaithe. Dúirt an tUachtarán gur dheis a bhí ina gcruinniú le plé a dhéanamh ar na leasuithe a theastaíonn ó chóras an NA.

Leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar ionchur fhórsaí cosanta na hÉireann le trí scór bliain anuas, mar a raibh thart ar 1,000 oifigeach síochánaíochta imlonnaithe in aon bhliain ar leith.  Mhol an tUachtarán na Fórsaí Cosanta as a ról sa mhachaire, agus as a gcuid oibre luachmhaire maidir le sochaí na hÉireann a chur ar an eolas, ar a bhfilleadh abhaile, faoi obair na Náisiún Aontaithe.