Chuir an tUachtarán fáilte roimh údair agus eagarthóirí "Life, lore and song: essays in Irish tradition in honour of Ríonach Uí Ógáin / Binneas an tSiansa", bailiúchán léinn pearsanta in ómós do Ríonach Uí Ógáin, Ollamh Emeritus le Béaloideas na hÉireann agus iarstiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann.
Bhí an tOllamh Ríonach Uí Ógáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, cnuasach uathúil d’oidhreacht bhéaloidis na hÉireann agus ceann de na bailiúcháin bhéaloidis is mó ar domhan. Tógadh an Cnuasach Béaloidis ar bhonn na hoibre a rinne Coimisiún Béaloidis na hÉireann.
Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann.
Imeachtaí bainteacha:
-
An tUachtarán i láthair ag “The Sound of Ireland Concert” leis Na Píobairí Uileann (Eanáir 2018)
-
Tugann an tUachtarán Aitheasc ag Siompóisiam Idirnáisiúnta dar teideal (Márta 2015)
-
Cuairt an Uachtaráin ar thaispeántas bád traidisiúnta Luimnigh (Meán Fómhair 2014)
-
President receives members from Bruach na Carraige Sliabh Luachra Centre for Traditional Studies (Bealtaine 2012)
Féach freisin: