![Taispeántas le John Behan - “Migrations” - dealbh shaorsheasaimh agus saothair ar crochadh, á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán](/images/made/44d1dc18a2367c64/President_and_Sabina_with_John_Behan_720_720.jpg)
Osclóidh an tUachtarán Ó hUigínn go hoifigiúil ‘Migrants’, taispeántas de shaothar nua an mhórdhealbhóra Éireannaigh John Behan.
Is é an t-imeacht sin an chéad imeacht ag Siopa Leabhar & Gailearaí Ealaíne Uí Chionnaith chun 80 bliain a bhunaithe a chomóradh.
Go deireanach an bhliain seo caite, nocht an tUachtarán Ó hUigínn dealbh leis an dealbhóir mór le rá, i láthair Bhuanionadaíocht na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe.
Tá dealbh chré-umha eile de chuid John Behan ina seasamh go bródúil i ngairdíní cheanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac. Tugann an dealbh, dar teideal “Arrival”, onóir do na glúine a chuaigh ar imirce ar lorg saoil nua agus do na náisiúin a chuir fáilte rompu agus a thairg deiseanna nua dóibh.
Imeachtaí bainteacha: