![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na hAstráile ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_RICHARD_ANDREWS_MX-2_720_480.jpg)
D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. An tUasal Richard Andrews, Ambasadóir na hAstráile chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu.
Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.
Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.