Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtará maidir le cinneadh an EOECNA faoi Chnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann

Dáta: Céa 6th Nol, 2017 | 10:47

 “Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim fáilte roimh an gcinneadh cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann a chuimsiú sa chlár  ‘Memory of the World’ de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe EOECNA.

 

Is dea-theist ar an bhfoireann, na taighdeoirí agus na deonaigh uile a d’oibrigh ar feadh na mblianta ar son Chumann Béaloideasa Éireann an cuimsiú sin, a bhfuil fáilte mhór roimhe.  Bunaíodh an Coimisiún in 1935; cinneadh inspioráideach ag Rialtas na hÉireann samplaí de stair bhéaloideas agus cheol na hÉireann a bhailiú.  

 

Meabhrú tráthúil atá ann freisin den tábhacht a bhaineann le héagsúlacht shaibhir ár mothúchán cultúrtha agus ár bhfoirmeacha ealaíne a chaomhnú agus a chosaint, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd go léir a d’oibrigh chun an t-aitheantas idirnáisiúnta sin a bhaint amach.”