Ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta déantar comóradh ar na hÉireannaigh uile, idir fhir agus mhná, a fuair bás i gcogadh nó ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe.
Roghnaíodh go ndéanfaí comóradh ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta ar an Domhnach is gaire don 11 Iúil, cothrom an lá sa bhliain 1921 ar síníodh an sos cogaidh.
Léigh ráiteas ón Uachtarán ar ócáid chur i bhfeidhm an tSosa Cogaidh cothrom céad bliain ó shin.
Ag an searmanas, leagann an tUachtarán fleasc ar son mhuintir na hÉireann, agus leanann Nóiméad Ciúnais ina dhiaidh sin.
Le blianta beaga anuas, tá ómós léirithe ag an Uachtarán Ó hUigínn d’fhir agus do mhná na hÉireann a cailleadh i gcogaidh nó ar seirbhís leis na NA san am atá caite, agus chuaigh sé ar cuairt chuig saighdiúirí na hÉireann thar sáile. In 2015 agus arís in 2019, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar thrúpaí na hÉireann atá ar fónamh ar mhisin na NA sa Liobáin, thug sé cuairt freisin ar bhaill An Garda Síochána ar dualgas NA sa Chipir.
Tá an cuimhneamh eiticiúil ar ár stair roghnaithe ag an Uachtarán mar théama lárnach a Uachtaránachta. Le tuilleadh eolais a fháil ar a chuid oibre ar an ábhar seo, féach: https://president.ie/ga/nuacht/article/ethical-remembrance
Imeachtaí gaolmhara:
- Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin do ghrúpa Bhuanionadaithe na Náisiún Aontaithe le linn a gcuairte in Éirinn (2020)
- Cuairt an Uachtaráin ar Thrúpaí na hÉireann atá lonnaithe sa Líobáin (2019)
- Buaileann an tUachtarán le Comhaltaí an Gharda Síochána atá ag feidhmiú sa Chipir (2019)
- Cuairt an Uachtaráin ar Cheanncheathrú Fórsa Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe UNFICYP HQ (2019)
- An tUachtarán i láthair ag Ócáid Stáit d’fonn Comóradh Cinn 60 a dhéanamh ar imscaradh Fórsa... (2018)
- Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2018)
- President attends the World Humanitarian Summit, Istanbul (2016)
- Buaileann an tUachtarán le trúpaí na hÉireann atá ar fiannas le UNIFIL i nDeisceart na Liobáine (2015)