
Tugann an Uachtarán aitheantas do Lá Domhanda na dTeifeach
Foilsithe: Céa 17th Mei, 2020 | 12:57
Is é 20 Meitheamh Lá Domhanda na dTeifeach, lá idirnáisiúnta ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe chun onóir a thabhairt do theifigh ar fud an domhain.
Tá sé mar aidhm ag Lá Domhanda na dTeifeach aird an domhain a tharraingt ar an drochbhail atá orthu sin atá ag teitheadh ó choinbhleacht nó ó ghéarleanúint, agus a chur i gcuimhne don domhan gur féidir le gach aon duine, teifigh san áireamh, ionchur a bheith acu sa tsochaí. Tá na téamaí sin léirithe chomh maith in obair an Uachtaráin Uí Uigínn.
Ina aithisc agus ina chruinnithe le ceannairí polaitíochta, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis éileamh a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht le daoine atá curtha as seilbh le lámh láidir, agus tá sé tar éis impí ar rialtais glacadh le freagracht níos mó i dtaca le leas na n-imirceach agus na dteifeach.
Tá suim ag an Uachtarán Ó hUigínn ar feadh a shaoil i gceisteanna na himirce agus an tearmainn, agus ó insealbhaíodh é in 2011 tá sé tar éis cuairt a thabhairt ar ionaid soláthar díreach in Éirinn agus ar champaí teifeach in Gambella (An Aetóip) agus Eleonas (An Ghréig).
Related events:
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh Filippo Grandi, Uasal, Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe do Dhídeanaithe (2019)
- Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar ócáid an Fhóraim Dhomhanda maidir le Dídeanaithe (2019)
- Tugann an tUachtarán spreagaitheasc in Ollscoil Fordham (2019)
- Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an Ionad Fáilte; buaileann siad le múinteoirí atá ag saothrú go deonach, agus le daltaí (2019)
- Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, d’fhonn aitheantas a thabhairt do na daoine atá ag tacú le Lucht Iarrtha Tearmainn, agus le Dídeanaithe (2019)
- Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an Ionad Fáilte; buaileann siad le múinteoirí atá ag saothrú go deonach, agus le daltaí (2019)
- Buaileann an tUachtarán le Grúpa na gCarad um Imirce (2019)
- Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Champa um Dhídeanaithe (2018)
- An tUachtarán i láthair ag cruinniú le Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le… (2018)
- Cuairt an Uachtaráin ar an Ionad Soláthar Díreach, tráth a bhronnfaidh sé Gradaim Chré-umha Gaisce (2017)
- President receives Almuthna Loulah on a courtesy call (2017)
- An tUachtarán i láthair ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla (2016)
- President visits UNHCR Compound in Gambella, Ethiopia (2014)
- Speech at the opening of the new offices of the Irish Refugee Council and the Migrant Rights Centre of Ireland (2014)
- Address at a reception Marking the Twenty-First Anniversary of the Irish Refugee Council (2013)
- Remarks at the Opening of the Irish Refugee Council’s Independent Law Centre (2013)