Fáiltíonn an tUachtarán roimh Filippo Grandi, Uasal, Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe do Dhídeanaithe

Céa 10th Iúi, 2019 | 17:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 10th July, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Filippo Grandi, Uasal, Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe do  Dhídeanaithe

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uasal Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.

Bhuail an bheirt cheannairí le chéile roinnt uaireanta cheana, Meitheamh 2018 san áireamh, nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar cheanncheathrú UNHCR  sa Ghinéiv. 

Ina chuid aitheasc agus a chuid cruinnithe le ceannairí polaitíochta, d’éiligh an tUachtarán Ó hUigínn dlúthpháirtíocht le daoine a ruaigtear le fórsa iad agus thathantaigh sé ar rialtais tuilleadh freagrachta a ghlacadh orthu féin maidir le leas na n-imirceach agus na dteifeach.  

Ar feadh a shaoil, tá suim ar leith ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcúrsaí imirce agus tearmainn, agus ó insealbhaíodh é in 2011 tá cuairt tugtha aige ar ionaid soláthar díreach in Éirinn agus ar champaí teifeach in Gambella (An Aetóip) agus Eleonas (An Ghréig).