![Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an Ionad Fáilte; buaileann siad le múinteoirí atá ag saothrú go deonach, agus le daltaí](/images/made/44d1dc18a2367c64/cork-welcome-centre_720_329.jpg)
Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar an Welcome English Language Centre i gcathair Chorcaí agus bhuail siad le múinteoirí deonacha agus a mic léinn.
Ba iad Siúracha na Trócaire a bhunaigh an Welcome English Language Centre sa bhliain 2000, chun scileanna sa Bhéarla a chur ar fáil dóibh siúd a tháinig go hÉirinn faoi chúinsí éigeantais.
Baineann os cionn 200 duine, cuid mhaith díobh ó ionaid soláthar díreach, chomh maith le teifigh agus daoine atá ag freastal ar chláir athaontaithe teaghlaigh, úsáid as seirbhísí an ionaid ar bhonn laethúil.