Nuacht

An tUachtarán Ó hUigínn ar thodhchaí na hoibre agus cearta na n-oibrithe

Foilsithe: Déa 22nd Aib, 2021 | 13:09

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cur síos ar an gcúis ar son obair ghnaíúil agus ceartas sóisialta mar chomhrac sainiúil ár linne.

Ina chuid óráidí, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar pharaidím eacnamaíochta an daichead bliain seo caite, a thug tosaíocht don dírialáil agus ag moladh ról laghdaithe don Stát. Is as seo a d’eascair easpa aitheantais ar na hoibrithe agus ar chearta na n-oibrithe, anuas ar cheisteanna domhanda práinneacha a chruthú cosúil le neamhionannas, léirscrios timpeallachta agus téamh domhanda.

Rinne an tUachtarán tagairt freisin do thionchar phaindéim Covid-19 ar na hoibrithe, agus d’éiligh sé go dtabharfaí an t-aitheantas cuí d’ionchur na n-oibrithe riachtanacha le linn na paindéime.

 

In 2019, rinne an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín an lá a cheiliúradh trí imeacht a óstáil ag tabhairt aitheantais do ghníomhaithe óga. I measc na n-imeachtaí eile a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn do Lá Bealtaine tá: