...an Uachtaráin d’fhonn Frithdhúnadh 1913 a chomóradh.
Nochtaigh an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín saothar nua ealaíne poiblí i gcomóradh ar an bhFrithdhúnadh Mór ar lucht oibre Bhaile Átha Cliath in 1913 - cor cinniúnach d’oibrithe agus don cheardchumannachas in Éirinn – agus i gcomóradh ar Arm Cathartha na hÉireann agus a chéad rúnaí, an staraí agus drámadóir Sean O’Casey.
“The Plough and the Stars” (An Camchéachta) a tugadh ar an saothar ealaíne agus is comhfhiontar atá ann idir an dealbhóir cáiliúil, John Behan, iar-churadh treabhdóireachta na hÉireannan Gerry King agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Tá an píosa seo bunaithe ar an gcéachta Wexford Star, a rinne an comhlacht Wexford Engineering sna 1930idí agus a bronnadh ar Áras an Uachtaráin mar aitheantas ar an mbaint a bhíonn ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.