Tugann an tUachtarán cuairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura

Mái 29th Mei, 2021 | 13:00
suíomh: (Cill Mhantáin) Garraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura

(Cill Mhantáin) Garraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura

Tuesday, 29th June, 2021

Tugann an tUachtarán cuairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura

Thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín cuairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura, Co. Chill Mhantáin.

Tá Teach na Lus Cill Mhochura é féin, a tógadh in 1697, fágtha mar fhothrach ach tá ag éirí go geal leis na gairdíní, a cuireadh sa naoú haois déag, faoi bhainistiú Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Thóg an garraíodóir ceannasach, Seamus O’Brien an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ar thuras coisíochta timpeall na ngairdíní, cluain bláthanna fiáine ina measc. 

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín cuairt ar an eastát in 2015, freisin. Ag an am sin, d’oscail an tUachtarán Café Acton, ainmníodh as Thomas Acton II é, fear a thóg an teach ag úsáid cloch ó mhainistir mheánaoiseach a sheas ar an talamh, tráth.

Is féidir féachaint ar fhíseáin chuairt an Uachtaráin in 2015 anseo, nó brúigh anseo le hóráid an Uachtaráin ó 2015 a léamh.

In 2015, dúirt an tUachtarán:

“Tá spiorad láidir ag suíomh cosúil le Lus Cill Mhochura agus tá seo le caomhnú againn; ní hamháin an teach agus an gairdín, cé go bhfuil an-tábhacht ag baint leo, ach cuimhneacháin na staire sna spásanna seo, saolta agus taithí na ndaoine a bhí ina gcónaí agus a d’oibrigh anseo san áireamh”.

Imeachtaí ábhartha eile: