Thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín cuairt ar áitritheoirí agus ar fhoireann Charraig Eden sna Clocha Liatha.
Is mar dhá theach scoite a thosaigh na foirgnimh agus rinneadh teach saoire ‘Christian Endeavour’ den áitreabh in 1936. Ón mbliain 2009 i leith, tá an foirgneamh á úsáid mar thionscadal idirthréimhseach tithíochta, a chuireann tithe ar fáil do dhaoine atá ag teacht amach ón athshlánú.
Tá an foirgneamh seo, ar leis Comhairle Contae Chill Mhantáin é, á bhainistiú ag an eagraíocht Tiglin, a chuireann tithíocht ar fáil do dhaoine ar éirigh leo clár athshlánaithe a chur i gcrích.
Tugann Foireann Tiglin tacaíocht d’áitritheoirí lena dtéarnamh.
Imeachtaí ábhartha eile:
- Tugann an tUachtarán cuairt ar Lárionad Chabháin (2020)
- An tUachtarán ina Aoichainteoir ag Comhdháil maidir le Tionscadal Cornmarket agus iadsan ag comóradh 20 Bliain ar an bhfód (2019)
- Tugann an tUachtaráin agus Sabina cuairt ar “Hope House” (2018)
- An tUachtarán i láthair ag searmanas bronnta Gradam, do rannpháirtithe ar Chúrsa Oiliúna um Shaoirse ó Andúil, ag limistéar na Saoirsí. (2017)
- Osclaíonn An tUachtarán an 20ú Comhdháil maidir le Feachtas um Ghéarchéim na nDrugaí ar fud na Cathrach, go hoifigiúil (2015)
- President officially opens a new facility for the Finglas Addiction Support Team (2012)