An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta

Dom 11th Iúi, 2021 | 11:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Dún Uí Choileáin

(Baile Átha Cliath) Dún Uí Choileáin

Sunday, 11th July, 2021

An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta

Ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta déantar comóradh ar na hÉireannaigh uile, idir fhir agus mhná, a fuair bás i gcogadh nó ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe.

Roghnaíodh go ndéanfaí comóradh ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta ar an Domhnach is gaire don 11 Iúil, cothrom an lá sa bhliain 1921 ar síníodh an sos cogaidh.

Léigh ráiteas ón Uachtarán ar ócáid chur i bhfeidhm an tSosa Cogaidh cothrom céad bliain ó shin.

 

Ag an searmanas, leagann an tUachtarán fleasc ar son mhuintir na hÉireann, agus leanann Nóiméad Ciúnais ina dhiaidh sin.

Le blianta beaga anuas, tá ómós léirithe ag an Uachtarán Ó hUigínn d’fhir agus do mhná na hÉireann a cailleadh i gcogaidh nó ar seirbhís leis na NA san am atá caite, agus chuaigh sé ar cuairt chuig saighdiúirí na hÉireann thar sáile. In 2015 agus arís in 2019, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar thrúpaí na hÉireann atá ar fónamh ar mhisin na NA sa Liobáin, thug sé cuairt freisin ar bhaill An Garda Síochána ar dualgas NA sa Chipir.

Tá an cuimhneamh eiticiúil ar ár stair roghnaithe ag an Uachtarán mar théama lárnach a Uachtaránachta. Le tuilleadh eolais a fháil ar a chuid oibre ar an ábhar seo, féach: https://president.ie/ga/nuacht/article/ethical-remembrance
 

Imeachtaí gaolmhara: