Erskine Childers

1973 - 1974

Erskine Childers

Rugadh i Londain é ar an 11 Nollaig 1905. Tar éis dó a bheith ina chónaí i Sasana agus sa bhFrainc, tháinig sé go Baile Átha Cliath in 1931 lena bheith ina Bhainisteoir Fógraíochta don nuachtán nuasheolta Scéala Éireann. Idir 1936 agus 1944 bhí sé ina Rúnaí ar Chonaidhm Dhéantúsóirí na hÉireann.

Toghadh go Dáil Éireann é in 1938. Idir 1944 agus 1948 bhí sé ina Aire Sóisearach agus idir 1951 agus 1954 agus arís idir 1957 agus 1973 bhí sé ina aire i roinnt ranna rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile. Bhí sé ina Thánaiste chomh maith idir 1969 agus 1973.

Phós Erskine Childers Ruth Dow in 1925. Tar éis a báis phós sé Rita Dudley in 1952. Ar an 25 Meitheamh 1973 insealbhaíodh é mar cheathrú Uachtarán na hÉireann. Fuair sé bás agus é in oifig ar an 17 Samhain 1974.