An Chomhairle Stáit
Céard é féin?
Foráiltear leis an mBunreacht go mbeadh Comhairle Stáit ann chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Uachtarán maidir le hábhar ar bith a dtéann an tUachtarán i gcomhairle leis ina thaobh. Tá na cúinsí faoina bhfuil dualgas ar an Uachtarán dul i gomhairle leis an gComhairle Stáit sonraithe sa Bhunreacht.
Cé atá air?
Tá baill ó thrí chatagóir ar an gComhairle Stáit, i.e.
1. Ex officio
An Taoiseach, An Tánaiste, An Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, An Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, An tArd-Aighne.
2. Iarshealbhóirí oifige
Gach aon duine, atá ábalta agus toilteanach gníomhú, a bhí i seilbh oifige mar Uachtarán, mar Thaoiseach nó mar Phríomh-Bhreitheamh.
3. Baill Cheaptha
· Cara Augustenborg
· Sinéad Burke
· Sindy Joyce
· Maurice Malone
· Johnston McMaster
· Mary Murphy
· Seán Ó Cuirreáin