Fáiltíonn an tUachtarán roimh bhaill ó Chrann; d’fhonn aitheantas a thabhairt do Lá Náisiúnta na gCrann, bronnfaidh siad crann

Déa 1st Dei, 2020 | 10:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh bhaill ó Chrann; d’fhonn aitheantas a thabhairt do Lá Náisiúnta na gCrann, bronnfaidh siad crann

Chun Lá Náisiúnta na gCrann 2020 a chomóradh, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhaill Crann chuig Áras an Uachtaráin.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Crann - Crainn d'Éirinn. Tá sé mar aidhm ag tionscadal na heagraíochta "Easy Treesie" páistí scoile na hÉireann a spreagadh chun milliún crann a chur, mar chuid de thionscadal trilliúin domhanda Plant-for-the-Planet, a bhfuil tacaíocht ó UNESCO aige. 

Go dáta, tá cúnamh tugtha ag Crann - Crainn d'Eirinn, agus iad ag comhoibriú le Fondúireacht Eolaíochta Éireann agus Coillte, chun níos mó ná 100,000 crann óg dúchasach a chur ar fud na tíre.

 

Imeachtaí gaolmhara: