An tUachtarán leis an ceathrú seimineár sa tsraith “Machnamh 100” a óstáil.
The seminar will be streamed live on the RTE Player click HERE to register your interest in advance.
An gceathrú seimineár a thionólfar faoin teideal ‘Lonnaíochtaí, Scoilteanna agus Corraíl Shibhialta’. Déanfar machnamh ar an mbóthar chuig an gConradh agus ar a chuid impleachtaí fadtéarmach. Déanfar iniúchadh, freisin, ar Éirinn i samhradh na bliana 1921 agus ar an gciall a baineadh as an Sos Cogaidh, cad a bhí i ndán don tír dá bharr, chomh maith le gné idirnáisiúnta an tsosa cogaidh.
'Machnamh 100' President of Ireland Centenary Reflections VOLUME 1 has been released in advance of the fourth seminar.
Tá sé mar aidhm ag “Machnamh 100” comhthéacs agus eachtraí Chogadh na Saoirse, Chogadh na gCarad agus na Críochdheighilte a thabhairt chun cuimhne agus critíc agus machnamh a dhéanamh orthu. Tugann an tsraith deis, freisin, chun machnamh a dhéanamh ar thionchar gach a tharla sa tréimhse sin ar chineál na ndlínsí agus na sochaithe a tháinig chun cinn ina ndiaidh.
Tá cur chuige téamach i dtaca le gach ceann de na seimineáir á ghlacadh ag an Uachtarán agus é ag díriú ar na réimsí sin nár tugadh a ndóthain airde orthu, b’fhéidir, agus ar chinn eile a d’fhéadfadh cuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar an tréimhse má fhilltear orthu ar shlí níos úire agus níos doimhne.
Sraith Machnaimh le hUachtarán na hÉireann
Ar cuireadh ón Uachtarán Ó hUigínn, bhí an staraí agus an craoltóir an Dr John Bowman ina chathaoirleach ar thrí sheimineár faoi Chogadh na Saoirse dar teideal ‘Comóradh, Coinbhleacht agus Leas an Phobail’.
Bhí an chéad cheann de na trí sheimineár, dar dteideal 'Dúshláin an Chomórtha Phoiblí', ar siúl i mí na Nollag 2020. Le linn an tseimineáir, rinneadh machnamh ar an gComóradh féin agus ar chomhthéacsanna na n-imeachtaí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin.
Thosaigh an tUachtarán le machnamh dar dteideal “ Ar Chomóradh Céad Bliain agus an Fhlaithiúlacht riachtanach agus Machnamh á dhéanamh ar Chuimhne, ar Stair agus ar Mhaithiúnas”.
D’fhreagair na cainteoirí seo a leanas: an tOllamh Ciarán Benson, an tOllamh Anne Dolan, an tOllamh Michael Laffan agus an tOllamh Joep Leerssen.
Reáchtáladh an dara seimineár, “Impireacht: Instinní, Leas, Cumhacht agus Frithbheartaíocht”, ar an 25 Feabhra 2021 agus mar chuid dó rinneadh machnamh ar Impireachtaí Eorpacha tar éis an Chéid Chogadh Domhanda, Impireacht na Breataine go háirithe, an dearcadh impiriúil agus an fhreagairt ar eachtraí in Éirinn. San áireamh freisin bhí samplaí den fhrithghníomhú in aghaidh Impireachta in Éirinn agus an neamhspleáchas.
Thug an tOllamh John Horne, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an príomh-mhachnamh a raibh léargas ar fáil ann den chomhthéacs idirnáisiúnta inar tharla eachtraí Éire na 1920í, titim na n-impireachtaí agus cumhacht/stádas faoi leith na Breataine san áireamh.
D’fhreagair na cainteoirí seo a leanas: an tUachtarán Ó hUigínn, an tOllamh Eunan O’Halpin (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an Dr Marie Coleman (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), an tOllamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann) agus an Dr Niamh Gallagher (Coláiste Naomh Caitríona, Cambridge).
Reáchtálfar an tríú seimineár, dar teideal “Athshlánú na Todhchaí Samhalta” i mí Bealtaine. Déanfaidh an seimineár iniúchadh ar cheisteanna faoin aicme sóisialta, talamh agus ról na mban, topaicí iad seo atá fite fuaite go daingean i gcomhthéacs Éire an fichiú haois, agus an chaoi ar fhorbair cineálacha éagsúla foréigin a fíodh isteach sna hábhair seo uilig, a dtáinig iarmhairtí astu a ndéanfadh Éire an lae inniu a mhúnlú.
I measc na n-ábhar a bheidh le plé beidh, gan ach a bheagán a lua, tionchar Ceist na Talún ar náisiúnachas Éireannach agus cruth na tsochaí a d’eascair as an streachailt náisiúnach le dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta agus cultúrtha; iarmhairtí streachailt an neamhspleáchais ar mhná, mar aon lena ról sa ghníomhaíochas agus rannpháirteachas; cuirfear todhchaí indéanta san áireamh i gcomhthéacs na gcainteanna idir an Bhreatain agus idirghabhálaithe na Dála tar éis an chéid chruinniú parlaiminte Thuaisceart Éireann (Meitheamh 1921) agus sos cogaidh míleata (Iúil 1921).