Óstáilfaidh an tUachtarán seimineár “Machnamh 100”

Déa 25th Fea, 2021 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Óstáilfaidh an tUachtarán seimineár “Machnamh 100”

Beidh an dara seimineár sa tsraith 'Machnamh 100' ar siúl ar an 25 Feabhra.

Chun clárú don ócáid seo, líon isteach do ríomhphost anseo.

 

Leis an tsraith seimineár seo, tá cuireadh tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn do muintir na hÉireann le machnamh a dhéanamh ar thionchar agus tábhacht na n-eachtraí céad bliain ó shin.

Sa seimineár, díreoidh an tUachtarán Ó hUigínn ar an ngaol idir cultúr agus impireacht, agus ar an tslí a ndearna svae cultúrtha na Breataine iarracht tionchar a bheith aige air luachanna cultúrtha ginearálta na hÉireann agus iad a mhúnlú.

Beidh an machnamh tosaigh á dhéanamh ag an Ollamh John Horne ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus i measc an lucht freagartha beidh an Dr. Marie Coleman, Coláiste na Banríona, Béal Feirste, an Dr. Niamh Gallagher, Coláiste Naomh Catharine, Cambridge, Eunan O’Halpin, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an tOllamh Alvin Jackson, Ollscoil Dhún Éideann.

Is tionscnamh de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn atá in Machnamh 100 atá tógtha ar a shaothar leathan go dáta le linn Dheich mBliana na gComórthaí in Éirinn ina rinne sé iniúchadh ar eachtraí ceannródaíocha, amhail Frithdhúnadh Mór 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918 agus an Chéad Dáil. 

Tá tacaíocht á tabhairt ag an Rialtas agus ag RTÉ do Machnamh 100.

Chun clárú don ócáid seo, líon isteach do ríomhphost anseo.

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcéad seimineár sa tsraith.