Dé hAoine 14 Deireadh Fómhair, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt aon lae ar Londain, chun príomhaitheasc a thabhairt ar shaol agus ar éachtaí Eva Gore-Booth.
Thug an tUachtarán aitheasc dar teideal “The Importance of Eva Gore-Booth’s Radical Vision in the Dramatic Historical Events in the late 19th and early 20th Centuries”, i Halla na Comhdhála i lár Londan.
Ina aitheasc, rinne an tUachtarán iarracht 'díchuimhne na staire a chur ina ceart' trí mhachnamh a dhéanamh ar ionchur iontach Eva Gore-Booth, a ligtear i ndearmad go minic, i dtaca leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, agus, i gcuideachta Esther Roper, ar son chearta na ndaoine gan chumhacht a raibh cead vótála bainte díobh i ranna áirithe i sochaí na Breataine.
Thug sé a aghaidh, freisin, ar ról Eva Gore-Booth in eagrú na mban oibre i Manchain agus i dtionscal na teicstíle, sa ghluaiseacht ar son vótá a bhaint amach do mhná, agus sa bhaint a bhí aici le himeachtaí 1916 agus lena deirfiúr Constance Markievicz.
Níos luaithe sa lá, d'fhreastail an tUachtarán ar imeacht a d'óstáil Ambasadóir na hÉireann chuig an RA, Daniel Mulhall.
Cliceáil ar na cluaisíní Fuaime, Grianghraif, Óráidí nó Físean chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Imeachtaí gaolmhara: