Chuir Ambasadóirí a gcuid Litreacha Creidiú  faoi bhráid an Uachtaráin

Déa 13th Dei, 2016 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Chuir Ambasadóirí a gcuid Litreacha Creidiú  faoi bhráid an Uachtaráin

Chuir Ambasadóirí Ríocht na hIorua, na hAstráile, agus Ríocht na Sualainne a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtarán.

 

Bhí A Soilse Else Berit Eikeland, Ambasadóir Ríocht na hIorua, á tionlacan ag an Uasal Sølve Steinhovden, Leas-Cheannaire Misin.

Bhí A Shoilse Richard Andrews, Ambasadóir na hAstráile, á thionlacan ag a bhean chéile, Saovanee Andrews, agus ag an Uasal Simon Mamouney, Leas-Cheannaire Misin.

Thaistil A Soilse Anna Brandt, Ambasadóir Ríocht na Sualainne, ó Stockholm le haghaidh searmanas an lae inniu.  

Bhí an tUasal David Stanton, T.D., Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le freagracht ar leith maidir le Comhionannais, Inimirce agus Imeascadh, ina ionadaí thar ceann an Rialtais ag an searmanas.