An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chruinniú d’Uachtaráin na hEorpa i Malta

Déa 6th Dei, 2022 | 11:00
suíomh: Mediterranean Conference Centre, Malta

Mediterranean Conference Centre, Malta

Thursday, 06th October, 2022

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chruinniú d’Uachtaráin na hEorpa i Malta

Tá an tUachtarán Ó hUigínn, i dteannta a mhná Saidhbhín, tar éis taistil go Malta chun páirt a ghlacadh i gcruinniú bliantúil an Ghrúpa Arraiolos de 15 Uachtarán Eorpacha neamhfheidhmiúcháin. 
 
Tá síniú Chonradh na Róimhe 65 bliain ó shin á chomóradh i mbliana agus díreoidh an cruinniú, arna óstáil ag Uachtarán Malta, George Vella, ar athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Institiúidí an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an chomórtha, thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus dúshláin reatha agus dhomhanda.

Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.

Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn.

Imeachtaí gaolmhara