Ar cuireadh dó ag Uachtarán Phoblacht na hIodáile, A Shoilse Sergio Mattarella, beidh an tUachtarán Ó hUigínn páirteach i gcruinniú de ‘Ghrúpa Arraiolos’ Uachtaráin an AE.
Freastalóidh trí Cheann Stáit AE déag ar an 16ú cruinniú de chuid an Ghrúpa Arraiolos, a bheidh ar siúl i bPálás an Uachtaráin sa Róimh.
Beidh na Ceannairí Stáit ar fad ón mBulgáir, ón gCróit, ón Eastóin, ón nGearmáin, ón nGréig, ón Ungáir, ó Éirinn, ón Laitvia, ó Malta, ón bPolainn, ón bPortaingéil agus ón tSlóivéin i láthair, mar aon leis an tír óstach, an Iodáil.
Pléifidh cruinniú ghrúpa na gCeannairí Stáit AE i mbliana na féidearthachtaí do thodhchaí an AE sa domhan iar-phaindéime.
Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.
Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn.
De dheasca phaindéim Covid-19, ní raibh sé d’acmhainn ag an ngrúpa bualadh le chéile san fhíorshaol le linn 2020.
Related events:
- Grúpa Arraiolos Uachtaráin an AE (2019)
- President attends meeting of Arraiolos Group of EU Presidents (2019)
- Dearbhú na hAithne glactha ag na Ceanna Stáit páirteach ag an 15ú Cruinniú Grúpa Arraiolos (2019)
- President delivers Aristotle Lecture (2019)
- Dinnéar Stáit ar scáth an Uachtaráin in ómós d’Uachtarán na hIodáile, A.Sh. Sergio Mattarella (2018)
- An tUachtarán i láthair ag dinnéar gnó do cheathrar Ceannairí Stáit (2018)