Mar chuid dá rannpháirtíocht i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo caite, thaifead an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht don imeacht AE ar Stáit Oileán Beag i mBéal Forbartha.
Tarraingeoidh an tUachtarán aird ar an bhfíric gurb iad na Stáit Oileán Beag is mó i mbaol ag an dá dhúshlán is mó i láthair na huaire: Covid-19 agus an bhagairt eisiach a thagann le hathrú aeráide”.
I bhfianaise a riachtanas timpeallachta agus forbartha faoi leith, aithníonn an tAE na Stáit Oileán Beag i mBéal Forbartha mar rannóg speisialta de thíortha, atá ag dul i ngleic le dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus timpeallachta agus a bhfuil bearta tacaíochta spriocdhírithe de dhíth orthu.
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn spéis as cuimse sa ghrúpa stát seo, ag labhairt ag roinnt imeachtaí agus cruinnithe le hionadaithe an ghrúpa náisiún, SIDS..
Related events:
- President addresses High Level Review of SAMOA Pathway (2019)
- President co-hosts, with the Prime Minister of Fiji, a reception for leaders from Small Island Developing States (2019)
- President and Sabina receive Ambassadors from Small Island Developing States (2019)
- President receives H.E Mr. Daniel Faure, President of Seychelles (2019)